Treoirlínte pobail

Is pobal cairdiúil cruthaitheach de dhaoine óga é seo ar féidir leo an domhan a athrú le chéile.

Cuireann Earth Speakr fáilte roimh leanaí agus roimh dhaoine óga de gach cine, eitneacht, creideamh, cumas, claonadh gnéis, agus féiniúlacht inscne.

Nuair a bhíonn an aip in úsáid agat, bímid ag súil go mbeidh tú oscailte, measúil agus neamhchlaonta. Bainfear gach aon teachtaireacht nach gcloíonn le rialacha an phobail.

Ár rialacha pobail:

Bí thú féin

Más mian leat teachtaireacht a chruthú, ní mór duit a bheith idir 7 mbliana agus 17 mbliana d’aois. Bí cinnte nach n-úsáideann tú tada ach d'inneachar féin i do theachtaireachtaí. Is féidir le gach duine, idir dhaoine óga agus daoine fásta, páirt a ghlacadh trí éisteacht le teachtaireachtaí na ndaoine óga agus trína gcomhroinnt.

Bí cineálta agus measúil

Nuair a bhíonn teachtaireachtaí á gcruthú agus á gcomhroinnt agat, cuimhnigh gur féidir leis an domhan ar fad éisteacht leo. Beidh daoine de gach aois agus as gach aicme ag éisteacht leo, mar sin bí cinnte beart a dhéanamh de réir do bhriathair. Ba cheart dea-rún a bheith le do bhriathar agus do ghníomhaíocht.

Bí macánta

Inis an fhírinne agus bí macánta sa mhéid atá le rá agat. Ná déan beag de dhuine ar bith. Ná comhroinn ach do shaothair neamhthráchtála féin.

Bí cuiditheach

Nuair a bhíonn tú ag freagairt do theachtaireachtaí daoine eile trína gcomhroinnt lasmuigh den aip, bí dearfach agus tacúil, agus abair rud éigin a thaitníonn leat faoin teachtaireacht seachas rud nach dtaitníonn leat.

Coinnigh do chuid faisnéise pearsanta príobháideach

Coinnigh agat féin d’ainm agus sonraí eile amhail d’uimhir fóin, seoladh baile agus seoladh ríomhphoist.

Bíodh meas agat ar phríobháideacht daoine eile

Ná bíodh daoine eile i do theaghlach ná cairde leat san fhíseán ach amháin má tá siad sásta a bheith ann. Ná bíodh daoine eile ar féidir iad a aithint san fhíseán mura bhfuil aithne phearsanta agat orthu.

Coinnigh Earth Speakr cairdiúil

Má cheapann tú go bhfuil teachtaireacht le duine eile suarach, gáirsiúil, maslach, foréigneach, ciníoch, gnéasaíoch, nó míchuí ar bhealach eile, tuairiscigh an teachtaireacht sin dúinn agus féachfaimid air ar an bpointe boise.