Ceisteanna Coitianta

An bhfuil cead ag teastáil ó dhaoine óga chun páirt a ghlacadh ann?

Áit shábháilte do dhaoine óga is ea Earth Speakr chun a dtuairimí agus a n-ábhair imní maidir le folláine an phláinéid a chur in iúl. Tá cead ó thuismitheoirí nó ó chaomhnóirí ag teastáil ó dhaoine óga chun an aip a íoslódáil agus a úsáid.

Cén chaoi ar féidir le mo leanbh an aip a úsáid?

Féach an físeán teagaisc anseo.

Cén fáth a bhfuil an aip seo dírithe ar leanaí agus daoine óga?

Tá teachtaireachtaí leanaí agus daoine óga ag croílár an tsaothair ealaíne, agus tá sé mar aidhm ag Earth Speakr aird a dhíriú ar na topaicí a luann daoine óga. Tá daoine fásta tábhachtach freisin. Iarrtar orthu éisteacht leis na teachtaireachtaí agus aird a thabhairt orthu, agus a dtiomantas a léiriú trí aird a tharraingt ar theachtaireachtaí Earth Speakr.

Cén aois iad na leanaí agus na daoine óga, mar sin?

Tugann Earth Speakr cuireadh do gach duine idir 7 mbliana agus 17 mbliana d’aois teachtaireachtaí a chruthú ar an aip. Is féidir le gach duine leas a bhaint as gnéithe réaltachta breisithe na haipe agus as an láithreán gréasáin.

An bhfuil an tionscadal seo iontaofa ó thaobh na héiceolaíochta de?

Déanfar iniúchóireacht neamhspleách ar aschur CO2 Earth Speakr chun aird a tharraingt ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí ar líne ar an éiceolaíocht.

Cé a d’íoc as seo?

Tá Earth Speakr maoinithe ag Oifig Fheidearálach Gnóthaí Eachtracha ar ócáid Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2020 agus fíoraíodh é i gcomhar leis an Goethe-Institut.

Ba bhreá liom teachtaireacht a fhágáil, ach is cosúil go bhfuil mé róshean?

Go raibh maith agat as spéis a léiriú i dteachtaireacht a chruthú! Cé nach féidir leat an aip a úsáid, is féidir leat cabhrú trí éisteacht leis na teachtaireachtaí agus déanamh cinnte go mbraitheann daoine óga go bhfuiltear ag éisteacht leo trí Loud Speakr a chruthú de theachtaireachtaí na ndaoine óga. Beifear in ann féachaint ar na teachtaireachtaí sin áit ar bith ar domhan a shíleann tú gurbh fhiú éisteacht leo.

Céard atá i gceist leis an réaltacht bhreisithe seo ar aon nós?

Níl i gceist leis an réaltacht bhreisithe ach go gcuirtear ciseal eile leis an domhan atá le feiceáil againn, agus bíonn sé inrochtana ar fhón cliste nó ar tháibléad. Tá sé ar an gcaoi is fearr chun féachaint ar theachtaireachtaí Earth Speakr atá in aice láimhe sa domhan mar atá. Féach an léarscáil agus aimsigh teachtaireachtaí Earth Speakr agus Loud Speakrs atá gar duit.

Féach treoracha Conas ag bun an leathanaigh.

Céard atá i gceist le ‘Loud Speakrs’?

Bailiúcháin de theachtaireachtaí Earth Speakr atá i gceist le Loud Speakrs. Is féidir teachtaireachtaí a roghnú de réir pobail agus iad go léir a lonnú le chéile ar an léarscáil áit ar bith ar cheart go mbeadh líon níos mó daoine ag éisteacht, dar leat.

Tá cónaí ar mo leanbh lasmuigh den Aontas Eorpach. An féidir leis nó léi a bheith páirteach?

Cinnte! Cuireadh tús leis an tionscadal seo le daoine óga ón Aontas Eorpach, ach is féidir le daoine óga áit ar bith ar domhan páirt a ghlacadh ann.

An bhfuil aip/láithreán gréasáin Earth Speakr inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas?

Tionscadal rannpháirtíochta atá in Earth Speakr go bunúsach. Má tá tú faoi mhíchumas, is féidir leat dul i bpáirt le duine eile chun páirt a ghlacadh i ngach gné den saothar ealaíne – teachtaireachtaí a thaifeadadh agus a ghabháil, éisteacht le teachtaireachtaí atá ann cheana féin, agus iad sin a chomhroinnt le daoine eile.

Féach na sonraíochtaí oiriúnachta anseo.

An bhfeidhmíonn an aip ar ghléasanna Android agus Apple araon?

Feidhmíonn!

Féach na sonraíochtaí oiriúnachta anseo.

Níl gléas cliste agam. An féidir liom páirt a ghlacadh ann i gcónaí?

Is féidir leat an láithreán gréasáin a úsáid agus féachaint ar imeachtaí atá gar duit.
Is féidir dul i gcomhar le cara leat a bhfuil fón cliste aige nó aici. IIna theannta sin, d’fhéadfá fiafraí de mhúinteoir nó de dhuine sa leabharlann áitiúil an mbeadh spéis aige nó aici úsáid a bhaint as ceann de na sraitheanna uirlisí chun cabhrú leat féin agus le cairde leat páirt a ghlacadh san obair ealaíne.

An féidir le duine ar bith labhairt le mo leanbh go díreach ar an aip nó ar an suíomh gréasáin?

Ní féidir. Ní ardán cur teachtaireachtaí piar le piar ná líonra sóisialta é Earth Speakr. Níl aon fheidhm chomhrá ann, agus ní féidir cumarsáid dhíreach a dhéanamh ar an aip ná ar an suíomh gréasáin.

Cén chosaint a bhíonn ag daoine óga nuair a úsáideann siad an aip?

Dearadh Earth Speakr chun fáilte a chur roimh chruthaitheacht uathúil daoine óga agus aon rud a nochtfadh cé hiad féin a cheilt ag an am céanna. Agus teachtaireacht á cruthú, bailíonn an aip comhad fuaime agus físeán déanta as gluaisteachtaí beoite súile agus béil; ní thaifeadann sé aon eolas ar chuma fhisiciúil an duine óig. Ní chuirtear teachtaireacht ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin go dtí go ndeimhnítear go bhfuil sé críochnaithe. Bíonn úinéireacht ar a saothar ealaíne féin ag duine óg ar bith a dhéanann teachtaireacht. Déanann siad an saothar ealaíne a chomhchruthú.

Comhlíonann an saothar ealaíne GDPR go hiomlán. Léigh na beartais dhlíthiúla iomlána atá ar fáil anseo.

Ceann de na Treoirlínte Pobail is ea é nach gcomhroinntear aon eolas sa tslí is go n-aithneofaí duine. Mura gcloíonn teachtaireacht leis na Treoirlínte Pobail, is féidir le duine ar bith é a thuairisciú lena tógáil anuas.

An féidir le daoine eile mo theachtaireacht a athrú nó a chur in eagar?

Ní féidir. Tar éis duit do theachtaireacht a dheimhniú ní féidir le duine ar bith é a athrú. Is féidir le daoine eile éisteacht le do theachtaireacht agus í a chomhroinnt.

An féidir liom mo theachtaireacht féin a chur in eagar nó a scriosadh?

Tar éis duit do theachtaireacht a chríochnú, cuirtear é ar fáil go poiblí don domhan mór. Ní féidir é a athrú ná a thógáil anuas feasta. Is féidir i gcónaí teachtaireacht a thaifeadadh agus a shábháil i do 'phóca' lena críochnú níos déanaí. Sábháilteacht teachtaireachtaí críochnaithe i do 'phóca'. Is féidir teachtaireachtaí i do phóca a scriosadh.

An féidir liom saothar ealaíne mo linbh a sheiceáil sula gcuirtear ar líne é?

Má thaispeánann siad a saothar ealaíne duit sula gcríochnófar é, is féidir leat é a sheiceáil sula mbíonn sé ar fáil don phobal. Má thosaíonn siad a gcruthú duit sula gcríochnaíonn siad é, is féidir leatsa é a sheiceáil sula dtaispeántar go poiblí é. Sábháiltear Speakrs a thaispeáin siad go poiblí ina 'bpóca'.

Conas a gcuirfear na Treoirlínte Pobail i bhfeidhm?

Bainfear aon teachtaireachtaí nach gcloíonn leis na Treoirlínte Pobail den léarscáil agus scriosfar ar gach gléas iad. Is féidir le duine ar bith teachtaireachtaí a thuairisciú ar an aip nó ar an suíomh gréasáin.

An féidir liom mo shaothar ealaíne a chomhroinnt le daoine eile? Conas?

Ach teachtaireacht a chríochnú ar an aip, comhroinntear é le daoine eile agus bíonn sé le feiceáil acu ar an léarscáil. Daoine eile a éisteann leis ar an suíomh gréasáin agus a chuireann é le Loud Speakr, is féidir leo é a chomhroinnt, leis. Is féidir leat teachtaireachtaí atá déanta agat a íoslódáil chuig do ghléas cliste agus iad a chomhroinnt, díreach mar a dhéanfá le híomhá nó físeán ar bith eile in albam do cheamara.

Féach treoracha Conas ag bun an leathanaigh.

An mbeidh a fhios agam cé a d'fhéach ar mo shaothar ealaíne?

Ní bheidh.

Cén fáth nach féidir liom mo theachtaireacht Earth Speakr féin a scriosadh?

Ba mhaith linn go mbeadh pobal Earth Speakr cairdiúil i gcónaí. Nuair a chomhroinneann tú teachtaireacht Earth Speakr go poiblí, iarraimid ort a bheith freagrach as do theachtaireacht agus cead a thabhairt chun gur féidir leis dul ar taispeáint in áit phoiblí, le go bhfeicfeadh agus go gcloisfeadh cách é.

An nochtar ainmneacha na ndaoine óga ina gcuid teachtaireachtaí?

Ní nochtar. Bíonn na teachtaireachtaí ar taispeáint don phobal, ach ní bhíonn ainm an duine óig leis. Úsáideann an aip teicneolaíocht trínar féidir gluaiseachtaí súl, béil agus gotha gnúise an úsáideora a ghabháil chun na gluaiseachtaí seo a chur i bhfeidhm ar bheochan 3T agus a bpríobháideacht a chosaint ag an am céanna.

Conas is féidir liom an teanga taispeána a athrú?

Tá suíomh gréasáin agus aip Earth Speark ar fáil in 25 teanga. Athraigh an teanga ar an suíomh gréasáin ar an leathanach lamairne nó tríd an mbarra roghchláir. Féach treoracha Conas ag bun an leathanaigh.

For any other question, please contact us at : feedback@earthspeakr.art

Treoracha Conas

Conas Loud Speakr a chruthú

Conas Loud Speakr a thaiscéaladh in AR

Conas Speakr a shábháil agus a sheoladh

Conas teanga aip a athrú

  • Treoracha Conas